Saturday 19 April 2014

HL Irish Essay - Imirce (díospóireacht)



Díospóireacht - Bá chóir don Rialtas rud éigin a dhéanamh chun líon na n-imirceach as an tír seo a laghdú.

A chathaoirligh, a moltóirí, a lucht an fhreasúra agus lucht éisteachta, fáilte go dtí an díospóireacht seo. Táimid bailithe anseo anocht chun an rúin, " Bá chóir don Rialtas rud éigin a dhéanamh chun líon na n-imirceach as an tír seo a laghdú" a phlé. Is mise _____________ agus táimse agus m'fhoireann go huile is go hiomlán ar son an rún seo ar mhórán chúiseanna suntasacha agus taim cinnte dearfach go n-aontóidh sibh go léir lenár n-argóintí faoi dheireadh na díospóireachta. Ní thuigim conas gur féidir le locht an fhreasúra a mhalairt a rá. Tá dul amú mhór orthu. Beidh an fhoireann thall ag iarraidh a gcuid tuairimí a chur ina luí oraibh ach molaim daoibh gan cluas a thabhairt dóibh.

An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió, nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo, tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoi fadhb an imirce, táim cinnte dearfach de! Tá an scéal seo go mór i mbéal an phobail. Ni théann lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo i gné éigin den saol. Ach céard is cúis leis an bhfadhb seo? Bhuel gan aon amhras, tá cuid mhór den locht ar an gcúlú eacnamaíochta. Tá an tíogar Ceilteach marbh agus anois tá an difhostaíocht ag dul in olcas. Cailltear postanna Domhnach is dálach agus mar sin tá a lán daoine i gcruachás. Toisc go bhfuil siad dífhostaithe, níl mórán airgid acu ach fós tá an Rialtas ag déanamh chiorruithe. Tá ganntanas airgid sa tír sa lá atá inniu ann, agus anois, tá bochtanas ag crá agus creimheadh muintir na tíre. Bíonn ar dhaoine dul thar lear ag lorg postanna agus caighdeán maireachtála níos fearr. Tá siad ag iarraidh bhealach chun éalú ón ngéarchéim sa tír seo agus mar a deir an seanfhocal, “Bíonn adharca fada ar na ba thar lear.”

Tá údar imní ann anois, toisc go bhfuil an iomarca dhaoine ag fágáil na tíre. Tá traidisiún an imirce sa tír seo. D’fhág a lán daoine an tír le linn an Ghorta Mór, agus sna seascaidí agus sna hochtóidí. Is mithid don Rialtas rud éigin a dhéanamh chun líon na n-imirceach as an dtír seo a laghdú mar tá a lán drochéifeachtaí ann anois don tír. Tá brón agus briseadh croí ag an iomarca dhaoine toisc go bhfuil siad scartha óna bpáistí, a gclann, nó a gcairde. Tá  daonra na hÉireann ag ísliú agus bíonn an iomarca ceantair tuaithe gan daoine idir fiche agus tríocha agus bíonn fadhbanna ag an gCumann Lúthchleas Gael chun peileadóirí nó imreoirí a fháil dá bhfoirne.

 Ní féidir a shéanadh go bhfuil an tír seo in umar na haimléise agus caithfear rud éigin a dhéanamh chun ár dtír agus ár gcúltúr a chaomhnú. Ní dóigh liom go bhfuil aon réiteach simplí don bhfadhb casta seo mar is cosúil go bhfuil ag teip orainn go dtír seo teacht ar aon réiteach sásúil ar an bhfadhb. Teastaíonn comhoibriú ó ghach uile duine chun réiteach a fháil. Is féidir le gnáthdhaoine cabhrú leis má cheannaíonn siad earraí Éireannacha agus ag fanacht in Éirinn don samhradh in ionad airgid a chaitheamh thar lear agus cruthaíonn sin níos mó postanna a chruthú agus cabhair a thabhairt do dhaoine in am an ghátair. Mar is eol do chách, is fadhb tromchúiseach é ach ní fál go haer é agus táim dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal mar is fearr súil le glas ná súil le huaigh.

Final paragraph to close the debate not included, will be updated in the future.

3 comments:

  1. Amazing writing and great skill both. Well, the fact of writing academic paper is all students need good vocabulary but many do not have and fail to write good content. At this point seeking professional help is the best idea to gain recognition and score good grades. http://www.essayireland.com/faq/

    ReplyDelete
  2. am silver from Garman, I was married 8 years ago without a child, I was desperately looking for a solution because the doctor said I can't get pregnant, but a friend of mine directed me to a spell caster called Dr white, and I explained my problems to him and he promised that everything will be alright with me in 12 day's, he gave me some instructions which I did all perfectly, I went to the hospital for test and they confirmed I was 1 week pregnant, and now I have my beautiful son and am also have another pregnancy right now, all thanks to you Dr white, contact him for all kinds of solution,

    1) if you want to return your Ex.
    2) if you want spell to get pregnant.
    3) if you want to stop miscarriage.
    4) if you want to be loved by someone.
    5) spell to cure all kinds of sickness or disease.
    And others.
    he's the best and very truthful,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp:+17168691327

    ReplyDelete