Díospóireacht -
Bá chóir don Rialtas rud éigin a dhéanamh chun líon na n-imirceach as an tír
seo a laghdú.
A chathaoirligh, a moltóirí, a lucht an fhreasúra agus lucht éisteachta,
fáilte go dtí an díospóireacht seo. Táimid bailithe anseo anocht chun an rúin,
" Bá chóir don Rialtas
rud éigin a dhéanamh chun líon na n-imirceach as an tír seo a laghdú" a phlé. Is mise
_____________ agus táimse agus m'fhoireann go huile is go hiomlán ar son an rún
seo ar mhórán chúiseanna suntasacha agus taim cinnte dearfach go n-aontóidh
sibh go léir lenár n-argóintí faoi dheireadh na díospóireachta. Ní thuigim
conas gur féidir le locht an fhreasúra a mhalairt a rá. Tá dul amú mhór orthu.
Beidh an fhoireann thall ag iarraidh a gcuid tuairimí a chur ina luí oraibh ach
molaim daoibh gan cluas a thabhairt dóibh.
Tá údar imní ann anois, toisc go bhfuil an iomarca dhaoine ag fágáil na tíre. Tá traidisiún an imirce sa tír seo. D’fhág a lán daoine an tír le linn an Ghorta Mór, agus sna seascaidí agus sna hochtóidí. Is mithid don Rialtas rud éigin a dhéanamh chun líon na n-imirceach as an dtír seo a laghdú mar tá a lán drochéifeachtaí ann anois don tír. Tá brón agus briseadh croí ag an iomarca dhaoine toisc go bhfuil siad scartha óna bpáistí, a gclann, nó a gcairde. Tá daonra na hÉireann ag ísliú agus bíonn an iomarca ceantair tuaithe gan daoine idir fiche agus tríocha agus bíonn fadhbanna ag an gCumann Lúthchleas Gael chun peileadóirí nó imreoirí a fháil dá bhfoirne.
Ní féidir a shéanadh go bhfuil an tír seo in umar na haimléise agus caithfear rud éigin a dhéanamh chun ár dtír agus ár gcúltúr a chaomhnú. Ní dóigh liom go bhfuil aon réiteach simplí don bhfadhb casta seo mar is cosúil go bhfuil ag teip orainn go dtír seo teacht ar aon réiteach sásúil ar an bhfadhb. Teastaíonn comhoibriú ó ghach uile duine chun réiteach a fháil. Is féidir le gnáthdhaoine cabhrú leis má cheannaíonn siad earraí Éireannacha agus ag fanacht in Éirinn don samhradh in ionad airgid a chaitheamh thar lear agus cruthaíonn sin níos mó postanna a chruthú agus cabhair a thabhairt do dhaoine in am an ghátair. Mar is eol do chách, is fadhb tromchúiseach é ach ní fál go haer é agus táim dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal mar is fearr súil le glas ná súil le huaigh.
Final paragraph to close the debate not included, will be updated in the future.