This is an irish essay i wrote in 6th year, I got an A for it so i think it is good,
title is - The people of Ireland and the world do not care about poor people
Is cuma le muintir na hÉireann agus muintir an domhain faoi na bochtáin
An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió, nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoin fhadhb na bhochtanais, táim cinnte dearfach de! Ceann d’fhadhbanna casta is ea an cheist seo faoi bhochtanas atá ár gcrá le fada. Bíonn an cheist seo faoi chaibidil ó am go chéile. Is cosúil go bhfuil ag teip orainn go dtí seo teach tar aon réiteach sásúil ar an bhfadhb seo, ach, mar sin féin, ní ionann sin is a rá gur cuma le muintir na hÉireann agurs muintir an domhain faoi na bochtáin. Ní aontaim leis an teideal se oar chor ar bith. Ceapaim go bhfuil said ag déanamh a lán oibre in Éirinn agur ar fud an domhain chun saol níos fear a thabairt do na doine bochta.
In Éirinn, tá cumainn charthanacha cosúil le Goal, Gorta, Concern agus Trócaire ag obair go dian dícheallach ar son na mbochtáin sa Tríú Domhain agud tá go leor cumainn charthanacha ó thíortha elae ar fud na cruinne ag obair leo freisin. Cabhraíonn a lán scoileanna in Éirinn leis na cumainn charthanacha freisin. Tugann said bronntanais do na páistí bochta leis an bhfeachtas “Operation Christmas Child”. I gcúpla scoil eile bailíonn said airgead agus tugann said é do chumainn charthanacha difriúla. Anuas ar sin, tá a lán oibrithe deonacha ón tír seo ague tíortha eile ag obair sa Tríú Domhain leis na daoine bochta ag cabhrú leo mar shampla ag tógáil scoileanna nó tithe.
Úsáideann daoine cailúla a gcáil chun cabhrú leis na bochtáin freisin. D’eagraigh Bob Geldof agus ceoltóirí eile an cheolchoirm “Live Aid” chun airgead a fail don Aetóip cúpla bliain ó shin. Rinne na ceolchoirmeacha “Live Aid” breis is céad milliún dollar agus mar sin ní féidir linn a rá gur Cuma le muintir an domhain faoi na bochtáin.
Ach, chun an fhírinne a rá, ní dhéanann gach duine sa domhain go leor oibre chun cabhrú leo. Is cosúil go bhfuil na rialtais éagsúla beag bean ar an Tríú Domhain. Bronnann said beagáinín airgid ar na tíortha bochta anois is arís ach is beag eile a dhéanann said I ndáiríre. Caitheann na tíortha bochta san Afraic timpeall céad milliúin dollar chuile sheachtain ag aisíoc fiacha do na tíortha saibhre. Ni haon bréag a rá go bhfuil cuid mhór den locht ar chomhlachtaí móra ar fud an domhain, a bhíonn sásta pá íseal a thabhairt d’oibrithe bhochta a bhíonn ag obair ar a son. Rud eile de, níl daoine saibhre saor ó locht ach oiread. Tá nócha faoin gcéad de mhaoin an domhain ag deich faoin gcéad den daonra. Caithfear a admháil gur scéal náirech é sin. Tá saol an mhada bháin ag daoine saibhre ague tá an iomarca daoine gafa le hábharachas. Ní thuigeann said an nath, “Is fear sona ná saibhir”. Is Cuma le cuid mhór daoine faoi na bochtáin fiú ina dtír féin.
Ceapann cúpla duine go bhfuil na daoine bochta sa Tríú Domhain amháin. Tá daoine bochta sa Tríú Domhain cinnte ach tá daoine bochta in Éirinn freisin. Tá an iomarca daoine gan dídean ina gconaí in Éirinn. Dar le Barnados, tá 100,000 páistí in Éirinn faoi bhochtanas leanúnach, is é sin nach bhfuil na héadaí is bunúsaí ná an bia is coir acu. Caithimid cabhrú leis na daoine bochta sa tír seo, anuas ar na daoine sa Tríú Domhain. “Baist do leanbh féin ar dtús,” a deirtear.
Ní féidir a shéanadh ach gur deacair fadhb mór seo a réiteach agus ba cheart dúinn iarracht éigin a dhéanamh feabhas a chur ar chúrsaí ach, mar sin féin, níl sé ceart a rá gur Cuma le muintir na hÉireann agus muintir an domhain faoi na bochtáin, mar is bréag é sin, dar liom.
Mar a luaigh mé cheanna, níl aon fhreagra simplí ar an gceist faoin bhochtanas ach caithfear a bheith dóchasach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal. Caithfidh rialtais an domhain agus gach uile duine oibrú le chéile chun an fhadhb seo a leigheas, ach an dtarlóidh sé choice, bhuel mar a deir an seanfhocal, “Is maith an scéalaí n aimsir.”