An Timpeallacht
An mbíonn tú ag
féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió nó an léann tú na
nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de
na nithe seo tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoin timpeallacht, táim
cinnte dearfach de! Cloistear an t-uafás scéalta chuile lá faoi fhadhb na
timpeallachta. Tá sé go mór i mbéal an phobail. Ní théann lá thart nach mbíonn
tagairt don timpeallacht sna meáin. Ach cad go díreach í an timpeallacht?
Bhuel, dar liomsa, is cuid den timpeallacht iad aer, uisce, plandaí, cnoic, ainmhithe,
éin agus ar ndóigh an duine féin agus na tithe, bailte, agus cathracha ina gcónaíonn
an cine daonna. Tá an timpeallacht an-tábhachtach go deo do phobal na tíre seo
agus do mhuintir an domhain mhóir agus sín í chúis is dócha go mbíonn aird na
ndaoine ar an ábhar seo.
Tá sé de dhualgas
ar an duine aire a thabhairt don timpeallacht agus gach a bhaineann léi ach ag
féachaint timpeall orm inniu, ar na carranna, ar an truailliú sna farraigí agus
ar an mbruscar a chaitear go míchúramach timpeall na tíre, caithfidh mé a admháil
gur cuma le han-chuid daoine faoina dtimpeallacht. Is iomaí athrú atá le
feiceáil sa domhan inniu, a bhuí a bheag nó a mhór leis an eolaíocht. Ní fhéadfaimis
an saol a shamhlú anois gan an trealamh thuasluaite. Ach an cheist atá le cur
ná an bhfuil an timpeallacht thíos le dul chun cinn na heolaíochta?
Mar is eol do
chách, tagann a lán truaillithe ó sceithphíopí na gcarranna agus anáiltear an
truailliú céanna isteach i scamhóga na ndaoine, rud a dhéanann daoine an-tinn.
Is dócha go bhfuil an nath “téamh domhanda” cloiste ag gach éinne faoin am seo.
Ní haon eolaí mé agus tá a fhois agam go bhfuil an timpeallacht i mbaol uaidh.
Táthar ag tuar go n-ardóidh leibhéal na bhfarraigí, go bhfeicfear stoirmeacha,
teaspaigh agus tuillte níos minice ná riamh amach anseo. Beidh gach gné den
timpeallacht ag fulaint de bharr mhífhreagracht an chine dhaonna.
Tá bailte agus
cathracha na hÉireann millte le bruscar. Bíonn buidéil bhriste, cannaí folmha, málaí
plaisteacha agus guma choganta ar na sráideanna. Tá na haibhneacha thruaillithe
le séarachas agus bruscar agus tá fadhbanna eile freisin cosúil le dífhoraoisiú
agus radaíocht. Tá géarghá le gníomhaíocht fhiúntach chun an timpeallacht agus
an tírdhreach álainn na hÉireann a chaomhnú.
É sin a rá áfach,
nílim éadóchasach amach is amach faoin timpeallacht. Tá rialtais ar fud an
domhain ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú agus níos tábhachtaí fós, tá
gnáthshaoránaigh i ngach cearn den domhan ag déanamh iarrachta. Tá boscaí
bruscair glasa ag a lán tithe anois agus tá tromlach na ndaoine sásta
athchúrsáil a dhéanamh nuair is féidir. Tá comórtas na mBailte Slachtmhara ag
dul ó neart go neart agus in a lán de
scoileanna na tíre bíonn comórtais ar siúl cosúil leis an mBrat Glas chun cur
ar shúile na ndaltaí an difríocht a dhéanann gach duine don timpeallacht. Má
dhéanann gach duine a gcuid féin chun a timpeallacht a chaomhnú, níl amhras a
bith orm ach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal agus go mbeidh domhan sláintiúil
againn. Mar a deir an seanfhocal, “Is fearr déanach ná choíche.”