Showing posts with label phrases. Show all posts
Showing posts with label phrases. Show all posts

Sunday, 7 December 2014

Irish phrases for a Post Card (Mainly Junior Cert)

I was doing up some postcard notes for a 6th class pupil I do grinds with however they would be useful for Junior cert too so thought i would put them up here! Some phrases may even be hepful with for Leaving cert so here you go!

I have more complicated sentences I can put up which would actually be more useful for HL Junior cert or leaving cert. If anyone is interested in them I can type them up for you? These are just very basic sentences that I have here as it was for a 6th class pupil doing a scholarship exam!



Cárta phoist – Postcard


Conas atá tú – how are you?

Tá mé ar fheabhas – i am great

Tá mé ar mo laethanta saoirse i _____ - i am on my holidays in _____

Conas atá do chlann? – How is your family

Tá bórn orm nach scríobh mé le fada – i am sorry i havent written in a while

Bhí áthas orm do litir a fháil – i was happy to get your letter



An Áit – The place

Tá mé i ______ - I am in _____

Is áit álainn é – it is a lovely place

Tá a lán le déanamh – there is a lot to do

Tá a lán siopaí agus bialanna – there are a lot of shops and restaurants

Tá an trá go hiontach – the beach is great

 

Cá bhfuil tú ag fanacht? – where are you staying?

Tá mé ag fanacht in óstán – I am staying in a hotel

Tá mé ag fanacht in árasán – i am staying in an apartment

Tá mé ag campáil – i am camping

Tá an seomra an deas – the room is really nice

Tá mé ag fanacht i dteach mo chara – i am staying in my friends house

Tá an óstán in aice leis an trá – the hotel is beside the beach

Tá an óstán an-mhór – the hotel is very big
 



Cé atá leat? – who is with you?

Tá mo chairde liom – I with my friends

Tá mo mham liom – I am with my mam

Tá mo theaghlach/chlann liom – i am with my family 



An Aimsir  - The weather

Bhí an ghrian ag taitneamh inné  - The sun was shining yesterday

Tá an ghrian ag taithneamh go hard sa spéir  - the sun is shining high in the sky

Tá sé te – it is hot

Tá dath gréine agam – I have a sun tan

Tá an teocht ard inniu  - the temperature is high today

Tá mé cosúil le tráta – I look like a tomato

Níl aon scamall sa spéir  - there are no clouds in the sky

Tá sé ró-the – it is too hot

Tá an aimsir go hálainn  - the weather is lovely

Tá an aimsir go dona  - the weather is bad

Tá sé ag cur báistí  - it is raining

Tá sé ag stealladh báistí – it is lashing rain

Tá sé fliuch – it is wet

Tá sé fuar – it is cold

Tá sé ag cur sneachta – it is snowing

Tá sé ceomhar  - it is foggy

Bhí mé fliuch go craiceann  - I was soaked to the skin
 



Bia – Food

Tá an bia go hálainn – the food is lovely

Tá an bia uafásach – the food is horrible

Ithim i mbialann gach oíche – i eat in a restaurant every night

Tá sé an-bhlasta – it is very tasty

Is aoibheann liom ____ – i really like _____





Ag dul abhaile? Going home?

Beidh mé ag dul abhaile i dhá seachtain – I will be going home in two weeks

Beidh mé ag filleadh abhaile amárach – I will be returning home tomorrow

Tá mé anseo ar feadh cúig lá – I am here for 5 days

Feichfidh mé thú an seachtain seo chuigeann – i will see you next week




Cad atá tú ag déanamh? What are you doing?

Chuaigh mé ag siopadóireacht inné – i went shopping inné

Cheannaigh mé bronnantas duit - i bought you a present

Rachaidh mé go dtí an trá amárach – i will go to the beach tomorrow

Thug mé cuairt ar ____ - i visited _____

Bíonn mé ag snámh gach lá – i swim everyday

Is maith liom an linn snámha – i like the swimming pool 




Na daoine – The people

Tá na daoine an-chairdiúl – the people are very friendly

Tá a lán cairde nua agam – I have a lot of new friends

____ is ainm di - ____ is her name.

Tá sí ina cónaí i _______ - she lives in ______






Saturday, 26 April 2014

Aiste - Todhchaí na Gaeilge


I wrote this essay 3 years ago on the future of the Irish language and so it is a little bit out of date. The information in it can still all be used but it may need to be changed a little bit. For example it says the new Leaving cert Irish course came in this year, so that needs to be changed to 3 years ago now. There will also be new information that can be added in with regard to things being done to preserve and help the Irish language but this is a starting point and most of it is still valid. 


Todhchaí na Gaeilge

An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoin todhchaí na Gaeilge, táim cinnte dearfach de! Tá todhchaí na Gaeilge go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann. Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt don Gaeilge sna meáin. Bíonn siad líon lán de thuairiscí faoi, go háirithe na laethanta seo mar tá daoine cáiliúla, cosúil leis an dornálaí Bernard Dunne, ag déanamh iarracht ar son na Gaeilge, agus ag cur an Gaeilge chun cinn, chun Gaeilge a spreagadh ar fud na tíre. É sin ráite áfach, fós níl a fhios agam cad atá i ndán don teanga. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann, ach chun an fhírinne a rá, is é an Béarla an teanga a labhraíonn tromlach na ndaoine sa tír seo. I mo thuairim, is mór an trua é. Níl clú dá laghad agam cad atá i ndán don teanga seo sa todhchaí ach tá súil agam go mairfidh sé agus go rachaidh sé ó neart go neart. 

Caithfear a admháil go bhfuil an-tábhacht go deo ag baint leis an nGaeilge don tír seo. Is í an Ghaeilge ár dteanga dúchais, agus an difríocht idir muintir na hÉireann agus muintir na cruinne móire amach ansin. Is cuid mór dár gcultúr í agus is é mo thuairim go gcaithfimid gach rud a dhéanamh chun í a chaomhnú, mar a deir an seanfhocal, “Tír gan teanga, tír gan anam.” Tá a lán daoine an-bhródúil as ár gcultúr agus teastaíonn uathu an teanga a chaomhnú. Tá sé tugtha faoi deara, mar shampla, go bhfuil níos mó paistí ag freastal ar ghaelscoileanna anois ná riamh. 

Gan dabht tá a lán buntáistí ag baint le Gaeilge sa tír seo. Gné mhór thábhachtach ná an stáistiún teilifíse TG4. Cuireann sé cláracha ar súil do phobal na hÉireann trí mheáin na Gaeilge maidir le chúrsaí spóirt, cosúil le GAA Beo, Tour de France, peil na mBan agus a leithéidí, cúrsaí faisin, an Nuacht srl. Agus tá clú agus cáil ar dhaoine cosúil le Gráinne Seoighe, Daithí Ó Sé agus a leithéidí a bhaineann leis an stáisiún. Déanann TG4 an iarracht chun an Ghaeilge a spreagadh i ngach cearn den tír agus is rud maith é do thodhchaí na Gaeilge. 

I mí Eanair 2007, tháinig tábhacht mór leis an teanga mar fuair sé stádas oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach. Mar sin tá neart aistritheoirí ag teastáil ó Pharlaimint na hEorpa chun gach rud a aistriú go Gaeilge. Anuas ar sin, tá ar an Rialtas, daoine le Gaeilge líofa a bheith acu i ngach roinn den rialtas freisin. Toisc gur teanga oifigiúil na hÉireann í agus teanga oifigiúil í sa hEorpa, is rud iontach é sin do thodhchaí na Gaeilge. Tá go leor postanna ar fáil do dhaoine le Gaeilge agus spreagtar daoine Gaeilge a fhoghlaim mar sin.

Thosaigh an cúrsa nua Gaeilge i scoileanna na tíre i mbliana agus anois tá i bhfad níos mó béime ar an mbéaltriail agus ar Ghaeilge labhartha. Is rud maith é sin mar tá níos mó daltaí ag labhairt Gaeilge sna ranganna agus mar sin beidh níos mó muinín acu í a labhairt taobh amuigh den scoil freisin. Cabhróidh sin le todhchaí na Gaeilge mar “ beatha teanga í a labhairt.”

Monday, 21 April 2014

Aiste - An Timpeallacht



An Timpeallacht



An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoin timpeallacht, táim cinnte dearfach de! Cloistear an t-uafás scéalta chuile lá faoi fhadhb na timpeallachta. Tá sé go mór i mbéal an phobail. Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt don timpeallacht sna meáin. Ach cad go díreach í an timpeallacht? Bhuel, dar liomsa, is cuid den timpeallacht iad aer, uisce, plandaí, cnoic, ainmhithe, éin agus ar ndóigh an duine féin agus na tithe, bailte, agus cathracha ina gcónaíonn an cine daonna. Tá an timpeallacht an-tábhachtach go deo do phobal na tíre seo agus do mhuintir an domhain mhóir agus sín í chúis is dócha go mbíonn aird na ndaoine ar an ábhar seo.



Tá sé de dhualgas ar an duine aire a thabhairt don timpeallacht agus gach a bhaineann léi ach ag féachaint timpeall orm inniu, ar na carranna, ar an truailliú sna farraigí agus ar an mbruscar a chaitear go míchúramach timpeall na tíre, caithfidh mé a admháil gur cuma le han-chuid daoine faoina dtimpeallacht. Is iomaí athrú atá le feiceáil sa domhan inniu, a bhuí a bheag nó a mhór leis an eolaíocht. Ní fhéadfaimis an saol a shamhlú anois gan an trealamh thuasluaite. Ach an cheist atá le cur ná an bhfuil an timpeallacht thíos le dul chun cinn na heolaíochta?



Mar is eol do chách, tagann a lán truaillithe ó sceithphíopí na gcarranna agus anáiltear an truailliú céanna isteach i scamhóga na ndaoine, rud a dhéanann daoine an-tinn. Is dócha go bhfuil an nath “téamh domhanda” cloiste ag gach éinne faoin am seo. Ní haon eolaí mé agus tá a fhois agam go bhfuil an timpeallacht i mbaol uaidh. Táthar ag tuar go n-ardóidh leibhéal na bhfarraigí, go bhfeicfear stoirmeacha, teaspaigh agus tuillte níos minice ná riamh amach anseo. Beidh gach gné den timpeallacht ag fulaint de bharr mhífhreagracht an chine dhaonna.

  

Tá bailte agus cathracha na hÉireann millte le bruscar. Bíonn buidéil bhriste, cannaí folmha, málaí plaisteacha agus guma choganta ar na sráideanna. Tá na haibhneacha thruaillithe le séarachas agus bruscar agus tá fadhbanna eile freisin cosúil le dífhoraoisiú agus radaíocht. Tá géarghá le gníomhaíocht fhiúntach chun an timpeallacht agus an tírdhreach álainn na hÉireann a chaomhnú.



É sin a rá áfach, nílim éadóchasach amach is amach faoin timpeallacht. Tá rialtais ar fud an domhain ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú agus níos tábhachtaí fós, tá gnáthshaoránaigh i ngach cearn den domhan ag déanamh iarrachta. Tá boscaí bruscair glasa ag a lán tithe anois agus tá tromlach na ndaoine sásta athchúrsáil a dhéanamh nuair is féidir. Tá comórtas na mBailte Slachtmhara ag dul ó neart go neart agus in a  lán de scoileanna na tíre bíonn comórtais ar siúl cosúil leis an mBrat Glas chun cur ar shúile na ndaltaí an difríocht a dhéanann gach duine don timpeallacht. Má dhéanann gach duine a gcuid féin chun a timpeallacht a chaomhnú, níl amhras a bith orm ach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal agus go mbeidh domhan sláintiúil againn. Mar a deir an seanfhocal, “Is fearr déanach ná choíche.”

Saturday, 19 April 2014

Irish Essay phrases

These are some useful phrases that can be used in almost any essay! I will update this as I put up more essays. :)



An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió, nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo, tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoi __________, táim cinnte dearfach de! 

Tá an fhadhb seo go mór i mbéal an phobail. 

Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo sna lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo sna meáin. Tá siad líon lán de thuairiscí faoi_________.

Is mór idir inniu agus inné gan dabht ach ní inniu ná inné a tháinig an fhadhb seo chun solais. 

Tá an fhadhb seo chomh sean leis na cnoic! 

Sa lá atá inniu ann ___________

Ar an gcéad dul síos ________

Ar an dara dul síos ____________

Is bocht an scéal é gan dabht 

Ach céard is cúis le _________________________ agus, níos tábhachtaí, céard iad réitigh na bhfaidhbe nó an bhfuil a leithéid ann?
Tá meascán de chúiseanna leis an bhfadhb seo. 

Tá cuid den locht ar _________________

Gan aon amhras, tá baint láidir idir an fhadhb seo agus ______________

Tá baint idir _____________  agus ____________ freisin. 

An bhfuil aon réiteach ar fhadhb ________________?

Bhuel, is mithid don Rialtas rud a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus dá luaithe é is ea is fearr é!

Ba cheart go mbeadh____________

Cuireann sé alltacht orm go bhfuil fadhb ______________ i bhfad níos forleathnú anois ná riamh agus fós tá sé ag éirí níos measa.

Níl an réiteach agam ach caithfidh an Rialtas agus gach uile duine oibriú le chéile chun é a leigheas. 

Tá sé deachair a rá cad is féidir leis na gnáth daoine a dhéanamh ach leanúint ar aghaidh ag cothú cairdis agus tuisceanna i measc daoine. 

Caithfear a bheith dóchasach do dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo, ach an dtarlóidh sé choíche? Bhuel, mar a deir an seanfhocal, “Is maith an scéalaí an aimsir!”

 Tá údar imní ann anois


Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil _______


Cloistear an t-uafás scéalta chuile lá faoi fhadhb na timpeallachta. 


Ach cad go díreach é/í ________?



Tá _____________ an-tábhachtach go deo do phobal na tíre seo agus do mhuintir an domhain mhóir agus sín í chúis is dócha go mbíonn aird na ndaoine ar an ábhar seo.


Tá sé de dhualgas ar an duine ______________


Is iomaí athrú atá le feiceáil sa domhan inniu, a bhuí a bheag nó a mhór leis an eolaíocht.


Mar is eol do chách 


Is dócha go bhfuil an nath _______________ cloiste ag gach éinne faoin am seo


Ní haon eolaí mé agus tá a fhois agam go bhfuil _______


É sin a rá áfach, nílim éadóchasach amach is amach faoi ____________


Tá rialtais ar fud an domhain ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú agus níos tábhachtaí fós, tá gnáthshaoránaigh i ngach cearn den domhan ag déanamh iarrachta.


Má dhéanann gach duine a gcuid féin chun ________ a ________, níl amhras a bith orm ach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal 
Start for a debate:



A chathaoirligh, a moltóirí, a lucht an fhreasúra agus lucht éisteachta, fáilte go dtí an díospóireacht seo. Táimid bailithe anseo anocht chun an rúin, "____________________________" a phlé. Is mise _____________ agus táimse agus m'fhoireann go huile is go hiomlán ar son an rún seo ar mhórán chúiseanna suntasacha agus taim cinnte dearfach go n-aontóidh sibh go léir lenár n-argóintí faoi dheireadh na díospóireachta. Ní thuigim conas gur féidir le locht an fhreasúra a mhalairt a rá. Tá dul amú mhór orthu. Beidh an fhoireann thall ag iarraidh a gcuid tuairimí a chur ina luí oraibh ach molaim daoibh gan cluas a thabhairt dóibh.