This is an essay i wrote in 6th year. It isn't perect, there are probably some mistakes in it but I hope it will be some help!
Coiriúlacht - bagairt mhór na linne seo
An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag
éisteacht leis an raidió, nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel,
i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo, tá scéal éigin
cloiste nó léite agat faoi choiriúlacht, táim cinnte dearfach de! Tá an fhadhb
seo go mór i mbéal an phobail. Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt den
fhadhb seo sna lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo sna meáin. Tá siad
líon lán de thuairiscí faoi fhir óga á n-ionsaí agus uaireanta á mharú, faoi
ionsaithe ar theifigh agus ar eachtrannaigh, faoi chogadh áit éigin nó
banéigean, faoi chreachadóireacht nó gné eile den iompar frithshóisialta.
Is mór idir inniu agus inné gan dabht ach ní
inniu ná inné a tháinig an fhadhb seo chun solais. Tá an fhadhb seo chomh sean
leis na cnoic! Ach sa lá atá inniu ann, tá na coirpigh agus na hionsaithe ag
éirí níos brúidiúla, níos nimhní agus níos foréigní. Is bocht an scéal é gan
dabht. Dealraítear gur foréigean fánach atá ann don chuid is mó agus tá
ceannairí, polaiteoirí, tuismitheoirí, múinteoirí agus gnáth-daoine na tíre ag
éirí an-bhuartha faoi. Tá daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis. Cuirtear
imeaglú ar dhaoine agus tá siad sceimhlithe ina mbeatha ina dtithe féin.
Ach céard is cúis leis an méadú seo i líon na
n-ionsaithe ar na sráideanna agus, níos tábhachtaí, céard iad réitigh na
bhfaidhbe nó an bhfuil a leithéid ann? Tá meascán de chúiseanna leis an bhfadhb
seo. Tá cuid den locht ar an teilifís agus ar fhíschluichí. Tá an-iomarca
íomhánna foréigneacha ar an teilifís go bhfuil páistí an-óg a féachaint orthu.
Bíonn páistí ag imirt físchluichí nó cluichí ríomhaireachta atá foréignacha. Toisc
go bhfaigheann siad pointí sna cluichí nuair a mharaíonn siad daoine, ceapann siad
go bhfuil sé ceart go leor.
Gan aon amhras, tá baint láidir idir an
fhadhb seo agus fadhb an alcóil agus drugaí. Nuair a bhíonn daoine ar meisce
tar éis na gclubanna oíche agus na tithe tábhairne, bíonn trioblóid agus foréigean
ar na sráideanna. Tá bhaint idir bochtanas agus coiriúlacht freisin. Sna
ceantair bochta bíonn níos mó coiriúlachta agus drongadóirí. Sna háiteanna sin,
tá níos mó andúiligh. Bíonn siad ag iarraidh airgid a fháil chun drugaí a
cheannach ar aid nó ar éigean.
An bhfuil aon réiteach ar fhadhb na coiriúlachta?
Bhuel, is mithid don Rialtas rud a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb
agus dá luaithe é is ea is fearr é! Ba cheart go mbeadh cúrsaí ar siúl sna
scoileanna a chabhródh le daoine óga an baol a aithine agus an brú chun óil a
throid, mar tá fochultúr na meisce sa tír seo agus níl sé cheart, tá údar imní
ann anois. Tá cuid den locht ar na tuismitheoirí agus ba chóir go mbeadh níos
mó smachta acu ar a bpáistí. Ní bhíonn a
fhois ag cuid den thuistí cá bhfuil a bpáistí nuair a théann siad amach lena
gcairde nó ag ól. B’fhéidir dá gcuirfí níos mó gardaí ar na sráideanna go
mbeadh níos lú daoine ag sárú an dlí. An bhfuilimid róbhog ar choirpigh? Ba
cheart go mbeadh pionóis níos troime a chur orthu chun sochaí níos sábháilte a
chruthú.
Cuireann sé alltacht orm go bhfuil fadhb na
coiriúlachta i bhfad níos forleathnú anois ná riamh agus fós tá sé ag éirí níos
measa. Níl an réiteach agam ach caithfidh an Rialtas agus gach uile duine
oibriú le chéile chun é a leigheas. Tá sé deachair a rá cad is féidir leis na
gnáth daoine a dhéanamh ach leanúint ar aghaidh ag cothú cairdis agus
tuisceanna i measc daoine. Caithfear a bheith dóchasach do dtiocfaidh feabhas
ar an scéal seo, ach an dtarlóidh sé choíche? Bhuel, mar a deir an seanfhocal, “Is
maith an scéalaí an aimsir!”