Showing posts with label essay question. Show all posts
Showing posts with label essay question. Show all posts

Saturday, 26 April 2014

Aiste - Todhchaí na Gaeilge


I wrote this essay 3 years ago on the future of the Irish language and so it is a little bit out of date. The information in it can still all be used but it may need to be changed a little bit. For example it says the new Leaving cert Irish course came in this year, so that needs to be changed to 3 years ago now. There will also be new information that can be added in with regard to things being done to preserve and help the Irish language but this is a starting point and most of it is still valid. 


Todhchaí na Gaeilge

An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoin todhchaí na Gaeilge, táim cinnte dearfach de! Tá todhchaí na Gaeilge go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann. Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt don Gaeilge sna meáin. Bíonn siad líon lán de thuairiscí faoi, go háirithe na laethanta seo mar tá daoine cáiliúla, cosúil leis an dornálaí Bernard Dunne, ag déanamh iarracht ar son na Gaeilge, agus ag cur an Gaeilge chun cinn, chun Gaeilge a spreagadh ar fud na tíre. É sin ráite áfach, fós níl a fhios agam cad atá i ndán don teanga. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann, ach chun an fhírinne a rá, is é an Béarla an teanga a labhraíonn tromlach na ndaoine sa tír seo. I mo thuairim, is mór an trua é. Níl clú dá laghad agam cad atá i ndán don teanga seo sa todhchaí ach tá súil agam go mairfidh sé agus go rachaidh sé ó neart go neart. 

Caithfear a admháil go bhfuil an-tábhacht go deo ag baint leis an nGaeilge don tír seo. Is í an Ghaeilge ár dteanga dúchais, agus an difríocht idir muintir na hÉireann agus muintir na cruinne móire amach ansin. Is cuid mór dár gcultúr í agus is é mo thuairim go gcaithfimid gach rud a dhéanamh chun í a chaomhnú, mar a deir an seanfhocal, “Tír gan teanga, tír gan anam.” Tá a lán daoine an-bhródúil as ár gcultúr agus teastaíonn uathu an teanga a chaomhnú. Tá sé tugtha faoi deara, mar shampla, go bhfuil níos mó paistí ag freastal ar ghaelscoileanna anois ná riamh. 

Gan dabht tá a lán buntáistí ag baint le Gaeilge sa tír seo. Gné mhór thábhachtach ná an stáistiún teilifíse TG4. Cuireann sé cláracha ar súil do phobal na hÉireann trí mheáin na Gaeilge maidir le chúrsaí spóirt, cosúil le GAA Beo, Tour de France, peil na mBan agus a leithéidí, cúrsaí faisin, an Nuacht srl. Agus tá clú agus cáil ar dhaoine cosúil le Gráinne Seoighe, Daithí Ó Sé agus a leithéidí a bhaineann leis an stáisiún. Déanann TG4 an iarracht chun an Ghaeilge a spreagadh i ngach cearn den tír agus is rud maith é do thodhchaí na Gaeilge. 

I mí Eanair 2007, tháinig tábhacht mór leis an teanga mar fuair sé stádas oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach. Mar sin tá neart aistritheoirí ag teastáil ó Pharlaimint na hEorpa chun gach rud a aistriú go Gaeilge. Anuas ar sin, tá ar an Rialtas, daoine le Gaeilge líofa a bheith acu i ngach roinn den rialtas freisin. Toisc gur teanga oifigiúil na hÉireann í agus teanga oifigiúil í sa hEorpa, is rud iontach é sin do thodhchaí na Gaeilge. Tá go leor postanna ar fáil do dhaoine le Gaeilge agus spreagtar daoine Gaeilge a fhoghlaim mar sin.

Thosaigh an cúrsa nua Gaeilge i scoileanna na tíre i mbliana agus anois tá i bhfad níos mó béime ar an mbéaltriail agus ar Ghaeilge labhartha. Is rud maith é sin mar tá níos mó daltaí ag labhairt Gaeilge sna ranganna agus mar sin beidh níos mó muinín acu í a labhairt taobh amuigh den scoil freisin. Cabhróidh sin le todhchaí na Gaeilge mar “ beatha teanga í a labhairt.”

Saturday, 19 April 2014

Irish Essay phrases

These are some useful phrases that can be used in almost any essay! I will update this as I put up more essays. :)



An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió, nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo, tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoi __________, táim cinnte dearfach de! 

Tá an fhadhb seo go mór i mbéal an phobail. 

Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo sna lá thart nach mbíonn tagairt den fhadhb seo sna meáin. Tá siad líon lán de thuairiscí faoi_________.

Is mór idir inniu agus inné gan dabht ach ní inniu ná inné a tháinig an fhadhb seo chun solais. 

Tá an fhadhb seo chomh sean leis na cnoic! 

Sa lá atá inniu ann ___________

Ar an gcéad dul síos ________

Ar an dara dul síos ____________

Is bocht an scéal é gan dabht 

Ach céard is cúis le _________________________ agus, níos tábhachtaí, céard iad réitigh na bhfaidhbe nó an bhfuil a leithéid ann?
Tá meascán de chúiseanna leis an bhfadhb seo. 

Tá cuid den locht ar _________________

Gan aon amhras, tá baint láidir idir an fhadhb seo agus ______________

Tá baint idir _____________  agus ____________ freisin. 

An bhfuil aon réiteach ar fhadhb ________________?

Bhuel, is mithid don Rialtas rud a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus dá luaithe é is ea is fearr é!

Ba cheart go mbeadh____________

Cuireann sé alltacht orm go bhfuil fadhb ______________ i bhfad níos forleathnú anois ná riamh agus fós tá sé ag éirí níos measa.

Níl an réiteach agam ach caithfidh an Rialtas agus gach uile duine oibriú le chéile chun é a leigheas. 

Tá sé deachair a rá cad is féidir leis na gnáth daoine a dhéanamh ach leanúint ar aghaidh ag cothú cairdis agus tuisceanna i measc daoine. 

Caithfear a bheith dóchasach do dtiocfaidh feabhas ar an scéal seo, ach an dtarlóidh sé choíche? Bhuel, mar a deir an seanfhocal, “Is maith an scéalaí an aimsir!”

 Tá údar imní ann anois


Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil _______


Cloistear an t-uafás scéalta chuile lá faoi fhadhb na timpeallachta. 


Ach cad go díreach é/í ________?



Tá _____________ an-tábhachtach go deo do phobal na tíre seo agus do mhuintir an domhain mhóir agus sín í chúis is dócha go mbíonn aird na ndaoine ar an ábhar seo.


Tá sé de dhualgas ar an duine ______________


Is iomaí athrú atá le feiceáil sa domhan inniu, a bhuí a bheag nó a mhór leis an eolaíocht.


Mar is eol do chách 


Is dócha go bhfuil an nath _______________ cloiste ag gach éinne faoin am seo


Ní haon eolaí mé agus tá a fhois agam go bhfuil _______


É sin a rá áfach, nílim éadóchasach amach is amach faoi ____________


Tá rialtais ar fud an domhain ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú agus níos tábhachtaí fós, tá gnáthshaoránaigh i ngach cearn den domhan ag déanamh iarrachta.


Má dhéanann gach duine a gcuid féin chun ________ a ________, níl amhras a bith orm ach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal 
Start for a debate:



A chathaoirligh, a moltóirí, a lucht an fhreasúra agus lucht éisteachta, fáilte go dtí an díospóireacht seo. Táimid bailithe anseo anocht chun an rúin, "____________________________" a phlé. Is mise _____________ agus táimse agus m'fhoireann go huile is go hiomlán ar son an rún seo ar mhórán chúiseanna suntasacha agus taim cinnte dearfach go n-aontóidh sibh go léir lenár n-argóintí faoi dheireadh na díospóireachta. Ní thuigim conas gur féidir le locht an fhreasúra a mhalairt a rá. Tá dul amú mhór orthu. Beidh an fhoireann thall ag iarraidh a gcuid tuairimí a chur ina luí oraibh ach molaim daoibh gan cluas a thabhairt dóibh.