Monday 21 April 2014

Aiste - An Timpeallacht



An Timpeallacht



An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoin timpeallacht, táim cinnte dearfach de! Cloistear an t-uafás scéalta chuile lá faoi fhadhb na timpeallachta. Tá sé go mór i mbéal an phobail. Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt don timpeallacht sna meáin. Ach cad go díreach í an timpeallacht? Bhuel, dar liomsa, is cuid den timpeallacht iad aer, uisce, plandaí, cnoic, ainmhithe, éin agus ar ndóigh an duine féin agus na tithe, bailte, agus cathracha ina gcónaíonn an cine daonna. Tá an timpeallacht an-tábhachtach go deo do phobal na tíre seo agus do mhuintir an domhain mhóir agus sín í chúis is dócha go mbíonn aird na ndaoine ar an ábhar seo.



Tá sé de dhualgas ar an duine aire a thabhairt don timpeallacht agus gach a bhaineann léi ach ag féachaint timpeall orm inniu, ar na carranna, ar an truailliú sna farraigí agus ar an mbruscar a chaitear go míchúramach timpeall na tíre, caithfidh mé a admháil gur cuma le han-chuid daoine faoina dtimpeallacht. Is iomaí athrú atá le feiceáil sa domhan inniu, a bhuí a bheag nó a mhór leis an eolaíocht. Ní fhéadfaimis an saol a shamhlú anois gan an trealamh thuasluaite. Ach an cheist atá le cur ná an bhfuil an timpeallacht thíos le dul chun cinn na heolaíochta?



Mar is eol do chách, tagann a lán truaillithe ó sceithphíopí na gcarranna agus anáiltear an truailliú céanna isteach i scamhóga na ndaoine, rud a dhéanann daoine an-tinn. Is dócha go bhfuil an nath “téamh domhanda” cloiste ag gach éinne faoin am seo. Ní haon eolaí mé agus tá a fhois agam go bhfuil an timpeallacht i mbaol uaidh. Táthar ag tuar go n-ardóidh leibhéal na bhfarraigí, go bhfeicfear stoirmeacha, teaspaigh agus tuillte níos minice ná riamh amach anseo. Beidh gach gné den timpeallacht ag fulaint de bharr mhífhreagracht an chine dhaonna.

  

Tá bailte agus cathracha na hÉireann millte le bruscar. Bíonn buidéil bhriste, cannaí folmha, málaí plaisteacha agus guma choganta ar na sráideanna. Tá na haibhneacha thruaillithe le séarachas agus bruscar agus tá fadhbanna eile freisin cosúil le dífhoraoisiú agus radaíocht. Tá géarghá le gníomhaíocht fhiúntach chun an timpeallacht agus an tírdhreach álainn na hÉireann a chaomhnú.



É sin a rá áfach, nílim éadóchasach amach is amach faoin timpeallacht. Tá rialtais ar fud an domhain ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú agus níos tábhachtaí fós, tá gnáthshaoránaigh i ngach cearn den domhan ag déanamh iarrachta. Tá boscaí bruscair glasa ag a lán tithe anois agus tá tromlach na ndaoine sásta athchúrsáil a dhéanamh nuair is féidir. Tá comórtas na mBailte Slachtmhara ag dul ó neart go neart agus in a  lán de scoileanna na tíre bíonn comórtais ar siúl cosúil leis an mBrat Glas chun cur ar shúile na ndaltaí an difríocht a dhéanann gach duine don timpeallacht. Má dhéanann gach duine a gcuid féin chun a timpeallacht a chaomhnú, níl amhras a bith orm ach go dtiocfaidh feabhas ar an scéal agus go mbeidh domhan sláintiúil againn. Mar a deir an seanfhocal, “Is fearr déanach ná choíche.”

19 comments:

  1. Cé a scríobh an aiste seo? Tá sí an-chosúil le haiste a ullmhaím le mo rang ardteiste gach bliain, leis an struchtúr , nathanna agus smaointe céanna. Cad as a dtáinig sí?

    ReplyDelete
  2. Ta a fhios agat fein

    ReplyDelete
  3. Ar fhoghlaim tú na haistí topaiciúl seo ar fad de ghlan mheabhair don Ardteist?

    ReplyDelete
  4. Sa saol simplí, tá ról an-sonrach ag an ngrá. Mar sin féin, is féidir linn do shaol grá a dhéanamh sláintiúil agus níl aon spás ann le haghaidh aon chineál trioblóide. Is féidir iad seo go léir le cabhair ó AGBAZARA TEMPLE OF SOLUTION. Chuidigh sé liom le litriú a thug mo chara le fada caillte ar ais le 48 uair a fhág mé le bean eile. is féidir leat teagmháil a dhéanamh air ( agbazara@gmail.com ) nó glaoch air ar +234 810 410 2662 agus a bheith sásta go deo mar a thaithí agam anois.

    ReplyDelete
  5. yess nowww this will do lovely

    ReplyDelete
  6. Beannachtaí do chách, is mise Bean Ezra Siobhan Tá fianaise inláimhsithe agam ar conas a fuair mé iasacht ar líne do mo thionscadal. Is múinteoir Gaeilge mé a fuair mé 50,000.00 EURO ar iasacht ó bhean Dé darbh ainm Mrs Shannon Waylen. Thairg sí iasacht dom ag ráta úis 3% agus fuair mé m'iasacht i níos lú ná 5 lá oibre, má tá iasacht de chineál ar bith ag teastáil uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh léi trí ríomhphost: {shannonwaylenloancenter@yandex.com} Más gá go mbeadh a fhios agat go bhfuil sí. fíor agus iontaofa

    ReplyDelete
  7. all these scam comments as Gaeilge are so funny, the fact they think we speak primarily irish so they translated their scams to irish lmaoooo

    ReplyDelete
  8. Leaving Cert Help Notes: Aiste - An Timpeallacht >>>>> Download Now

    >>>>> Download Full

    Leaving Cert Help Notes: Aiste - An Timpeallacht >>>>> Download LINK

    >>>>> Download Now

    Leaving Cert Help Notes: Aiste - An Timpeallacht >>>>> Download Full

    >>>>> Download LINK

    ReplyDelete
  9. Pročitajte moje svjedočanstvo o tome kako sam dobio brzi zajam od pouzdane tvrtke. Pozdrav, ja sam Veronica iz Hrvatske. Bio sam u financijskoj situaciji i trebao sam kupiti kuću. Pokušao sam potražiti zajam od različitih kreditnih tvrtki, privatnih i korporativnih, ali nije išlo, a većina banaka mi je odbila kredit. Ali kako bi Bog htio, upoznali su me s privatnim zajmodavcem koji mi je dao zajam od 90.000 eura i danas imam vlastitu kuću i vlasnik sam tvrtke i trenutno mi je dobro, ako morate ići na tvrtka za osiguranje zajma. bez kolaterala, bez provjere kreditne sposobnosti, samo 3% kamatna stopa i supotpisnik s boljim planovima i rasporedom otplate, kontaktirajte Davidson Albert Loan (davidsonalbertloan@gmail.com). On ne zna da to radim, ali sada sam tako sretna i odlučila sam dati ljudima više informacija o njemu i želim da ga Bog još više blagoslovi. Možete ga kontaktirati putem njegove e-pošte. davidsonalbertloan@gmail.com

    ReplyDelete