Showing posts with label future of irish. Show all posts
Showing posts with label future of irish. Show all posts

Saturday, 26 April 2014

Aiste - Todhchaí na Gaeilge


I wrote this essay 3 years ago on the future of the Irish language and so it is a little bit out of date. The information in it can still all be used but it may need to be changed a little bit. For example it says the new Leaving cert Irish course came in this year, so that needs to be changed to 3 years ago now. There will also be new information that can be added in with regard to things being done to preserve and help the Irish language but this is a starting point and most of it is still valid. 


Todhchaí na Gaeilge

An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís, ag éisteacht leis an raidió nó an léann tú na nuachtáin na laethanta seo? Bhuel, i mo thuairim, má dhéanann tú aon cheann de na nithe seo tá scéal éigin cloiste nó léite agat faoin todhchaí na Gaeilge, táim cinnte dearfach de! Tá todhchaí na Gaeilge go mór i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann. Ní théann lá thart nach mbíonn tagairt don Gaeilge sna meáin. Bíonn siad líon lán de thuairiscí faoi, go háirithe na laethanta seo mar tá daoine cáiliúla, cosúil leis an dornálaí Bernard Dunne, ag déanamh iarracht ar son na Gaeilge, agus ag cur an Gaeilge chun cinn, chun Gaeilge a spreagadh ar fud na tíre. É sin ráite áfach, fós níl a fhios agam cad atá i ndán don teanga. Is í an Ghaeilge teanga oifigiúil na hÉireann, ach chun an fhírinne a rá, is é an Béarla an teanga a labhraíonn tromlach na ndaoine sa tír seo. I mo thuairim, is mór an trua é. Níl clú dá laghad agam cad atá i ndán don teanga seo sa todhchaí ach tá súil agam go mairfidh sé agus go rachaidh sé ó neart go neart. 

Caithfear a admháil go bhfuil an-tábhacht go deo ag baint leis an nGaeilge don tír seo. Is í an Ghaeilge ár dteanga dúchais, agus an difríocht idir muintir na hÉireann agus muintir na cruinne móire amach ansin. Is cuid mór dár gcultúr í agus is é mo thuairim go gcaithfimid gach rud a dhéanamh chun í a chaomhnú, mar a deir an seanfhocal, “Tír gan teanga, tír gan anam.” Tá a lán daoine an-bhródúil as ár gcultúr agus teastaíonn uathu an teanga a chaomhnú. Tá sé tugtha faoi deara, mar shampla, go bhfuil níos mó paistí ag freastal ar ghaelscoileanna anois ná riamh. 

Gan dabht tá a lán buntáistí ag baint le Gaeilge sa tír seo. Gné mhór thábhachtach ná an stáistiún teilifíse TG4. Cuireann sé cláracha ar súil do phobal na hÉireann trí mheáin na Gaeilge maidir le chúrsaí spóirt, cosúil le GAA Beo, Tour de France, peil na mBan agus a leithéidí, cúrsaí faisin, an Nuacht srl. Agus tá clú agus cáil ar dhaoine cosúil le Gráinne Seoighe, Daithí Ó Sé agus a leithéidí a bhaineann leis an stáisiún. Déanann TG4 an iarracht chun an Ghaeilge a spreagadh i ngach cearn den tír agus is rud maith é do thodhchaí na Gaeilge. 

I mí Eanair 2007, tháinig tábhacht mór leis an teanga mar fuair sé stádas oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach. Mar sin tá neart aistritheoirí ag teastáil ó Pharlaimint na hEorpa chun gach rud a aistriú go Gaeilge. Anuas ar sin, tá ar an Rialtas, daoine le Gaeilge líofa a bheith acu i ngach roinn den rialtas freisin. Toisc gur teanga oifigiúil na hÉireann í agus teanga oifigiúil í sa hEorpa, is rud iontach é sin do thodhchaí na Gaeilge. Tá go leor postanna ar fáil do dhaoine le Gaeilge agus spreagtar daoine Gaeilge a fhoghlaim mar sin.

Thosaigh an cúrsa nua Gaeilge i scoileanna na tíre i mbliana agus anois tá i bhfad níos mó béime ar an mbéaltriail agus ar Ghaeilge labhartha. Is rud maith é sin mar tá níos mó daltaí ag labhairt Gaeilge sna ranganna agus mar sin beidh níos mó muinín acu í a labhairt taobh amuigh den scoil freisin. Cabhróidh sin le todhchaí na Gaeilge mar “ beatha teanga í a labhairt.”